latest news...
|
Máire will be performing with Cormac de Barra in a lunchtime concert at the National Concert Hall on Thursday 16 December 2010. The concert will feature work from the album Tarraing Téad/Pulling Strings
The concert, one of the Concert Hall's 'Soilse na Nollag' series, will take place at 1pm in the NCH's Kevin Barry Room. Tickets: €12 (Concessions:€10); booking through nch.ie.
Beidh Máire agus Cormac de Barra ag ceol le chéile sa Cheoláras Náisiúnta ag am lóin ar an Déardaoin 16 Nollaig seo romhainn.
Coirm cheoil í seo sa tsraith 'Soilse na Nollag' atá á reachtáil ag an Cheoláras i gcaitheamh na míosa. Beidh píosaí as an DD Tarraing Téad/Pulling Strings, a sheol an bheirt níos túisce i mbliana, le clos lena linn.
Tionólfar an choirm cheoil ag 1.00 i.n. i Seomra Chaoimhín de Barra sa Cheoláras. Ticéid €12 (€10 le lacáiste) ar fáil ar
nch.ie.
Máire presented 'Geantraí' on TG4 on Sunday 28 November, featuring among others John Sheahan, Moya Brennan, Cormac de Barra, Eamonn Galldubh, Michael Howard & Paul de Grae. That edition of the programme will be repeated on Friday 3 December at 8pm.
Chuir Máire eagrán de 'Geantraí' i láthair ar TG4 ar an Domhnach 28 Samhain 2010. Athchraolfar an t-eagrán sin ar an Aoine 3 Nollaig 2010 ag 8 i.n.
Máire Breatnach and renowned harpist Cormac De Barra have just issued their first joint CD, entitled Tarraing Téad / Pulling Strings.
The album comprises 12 tracks and, while its primary focus is on the music of the harpers, features an eclectic mixture of tunes arranged for strings by Cormac and Máire.
Cormac's brother Fionán de Barra (guitar/bodhrán) is a special guest.
The CD was launched at the opening of the 'Éigse Eatharlaí' summer school 2010, at Tigh Roy, Galbally, on the Tipperary/Limerick border, on Friday 23 July. Tarraing Téad / Pulling Strings is Máire's second new CD this year, following the successful launch of Cranna Ceoil / In Full Measure last January.
Tá dlúthdhiosca nua eisithe ag Máire Breatnach in éineacht leis an gcruitire mór-chlú Cormac De Barra. Tarraing Téad / Pulling Strings is teideal dó, agus tá dhá rian déag ar fad air.
Is ar cheol na gcruitirí a leagtar an bhéim sa taifead seo, agus téad-chóiriú snasta snoite déanta acu air.
Ina theannta sin, tá éagsúlacht bhreá fonn le cloisteáil, ríleanna agus poirt san áireamh. Is e an t-aoi-cheoltóir speisialta acu Fionán de Barra, deartháir Chormaic, ar an ngiotár agus ar an mbodhrán.
Seoladh an t-albam ag oscailt na scoile samhraidh 'Éigse Eatharlaí' i mbliana ar an Aoine 23 Iúil san Ionad Cultúrtha Tigh Roy, cóngarach don Ghallbhaile, ar theorainn Thiobraid Árann agus Luimnigh.
Is é Tarraing Téad / Pulling Strings an dara dlúthdhiosca nua ag Máire i mbliana. Fuair Cranna Ceoil / In Full Measure ard-mholadh nuair a eisíodh mí Eanáir seo caite é.