childrens

Over the past two years Máire has been involved in the preparation of CDs to accompany a range of Irish language books aimed at the Naíonra (pre-school) and early reading age-groups. Maire has produced, composed incidental music and performed on a range of instruments for the more than 40 titles involved, as well as narrating many of them. Further information about this project, as well as general and educational Irish language reading material for all age-groups, is available at www.forasnagaeilge.ie angum@forasnagaeilge.ie ansiopaleabhar@eircom.net

Vera Cludach

Ceannaíonn máthair Vera a céad veidhlín di agus tá sí faoi dhraíocht aige láithreach. Is mian léi tosú á sheinm ar an bpointe boise! De réir a chéile, áfach, tuigeann sí gur go foighneach faoi threoir a mamaí agus a múinteora a bhainfidh sí ceol as an uirlis iontach seo.

Scéal gleoite agus treoirleabhar do thosaitheoirí ar an veidhlín le de duine de na veidhleadóirí is cáiliúla sa tír. Duine de mhórealaíontóirí na tíre a mhaisigh an leabhar. Gabhann draíocht nach beag leis an gcomhfhiontar ealaíonta seo.

Tuairimí ar Vera agus a Veidhlín sna meáin:

Raidió na Gaeltachta, 13/12/2008, Léite Pléite
(agus i gcló ar Foinse, 04/01/2009, lch 17 & Saol, Eanáir 2009, lch 1)

Liam Ó Maoilmhichíl, Cathaoirleach, Foras na Gaeilge:
“Comhfhiontar álainn idir duine de cheoltóirí móra na tíre, Máire Breatnach agus
an t-ealaíontóir mór le rá, Robert Ballagh, atá sa leabhar gleoite Vera agus a
Veidhlín, scéal faoin chailín atá ag tosú ar an veidhlín a fhoghlaim. Seoid de
leabhar é seo arbh fhiú d'aon duine é a cheannach i gcomhair na Nollag.”

The Irish Times, 17/12/2008, Tuarascáil

Rogha mhór mhaith de leabhair Ghaeilge ar fáil an Nollaig seo
Arís i mbliana tá carn de leabhair shnasta mhaiseacha do pháistí curtha ar fáil
ag An Gúm ar phraghas an-réasúnta, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide. Do
thuismitheoiri a bhfuil páiste acu ag foghlaim ceoil, molaim go mór Vera agus a
Veidhlín (An Gúm, €10.50). Toradh comhoibrithe idir an ealaíontóir cáiliúil
Robert Ballagh agus an fidléir iomráiteach Máire Breatnach atá sa leabhar
gleoite seo. Cuirtear síos ann ar iarrachtaí na girsí bige, Vera, an veidhlín
a sheinm agus fíordhaoine atá sna pictiúir ann, Vera, a máthair agus an
múinteoir ceoil (Máire Breatnach í féin). Tá líníocht Ballagh chomh cruinn sin
gur féidir foghlaim ó na pictiúir an bealach ceart chun an veidhlín a láimhsiú.

Raidió na Gaeltachta, 18/12/2008, Glór Anoir

Áine Ní Ghlinn (in agallamh le Cormac Ó hEadhra):
Seo seoid! … Comhoibriú nó comhfhiontar a bhí sa leabhar seo idir an fidléir cáiliúil Máire Breatnach agus an t-ealaíontóir Robert Ballagh. … Tá gach pictiúr bunaithe ar dhaoine go bhfuil aithne againn orthu. Tá siad an-réalaíoch ar fad. … Tá stíl dochreidte [ag Ballagh] – tá siad chomh beo, níos deise agus níos fearr ná grianghrafanna. … Má bhreathnaíonn tú ar an mhúinteoir ceoil ‘Bean de Brún’, sin Máire Breatnach í féin …
Ó hEadhra: Nach bhfuil sé sin iontach!
Ní Ghlinn: Nach bhfuil sé dochreidte! Tagann Máire Breatnach isteach sa scéal mar Bean de Brún …
Ó hEadhra: Cosúil le Alfred Hitchcock …
Ní Ghlinn: … agus na cameo roles (gáire). Sin a bhí mé féin ag ceapadh. …
Ó hEadhra: Shamhlóinn go bhfuil praghas níos daoire ar an gceann sin, an bhfuil?
Ní Ghlinn: €10.50.
Ó hEadhra: Níl sé sin ró-dhona mar tá luach ar leith ag baint leis an gceann sin mar gheall ar phictiúirí Ballagh.
Ní Ghlinn: Is fiú go mór é.

Labhraidh Loingseach An Crann Beag Mo Bhaile Beag Fein Mo Bhaile Beag Fein
Labhraidh Loingseach An Crann Beag Mo Bhaile Beag Fein Eachtra Mhor Luidin
Aoife agus an Chuil Ghorm Ruairi agus Una sa Naionra agus 3 sceal eile Bronntanas do Mhamai Na Tri Mhuicin
Aoife agus an Chuil Ghorm Ruairi agus Una sa Naionra agus 3 sceal eile Bronntanas do Mhamai Na Tri Mhuicin
An Piobaire Breac Cochaillin Dearg Oiche na Stoirme
Am Codlata i Lar na Coille An Piobaire Breac Cochaillin Dearg Oiche na Stoirme
Mo Ghra Sibh go Leir An Sicin Beag Bui An Lacha sa Ghort Asal Uasal
Mo Ghra Sibh go Leir An Sicin Beag Bui An Lacha sa Ghort Asal Uasal
An Garbhan An Sealgaire agus an Crann Eabhainn Ra ta ta tam Sean agus an Gas Ponaire
An Garbhan An Sealgaire agus an Crann Eabhainn Ra ta ta tam Sean agus an Gas Ponaire
Timpeall an Ti Naoi agus an Airc Scuabtha Chun Siuil A Leitheid!
Timpeall an Ti Naoi agus an Airc Scuabtha Chun Siuil A Leitheid!
An Leaba Sciathanach Fionn ma Cumhaill An Chrosog Mhara An Seilide agus an Miol Mor
An Leaba Sciathanach Fionn ma Cumhaill An Chrosog Mhara An Seilide agus an Miol Mor
Chuamar go Leir ar Safarai Liam agus and Leipreachan An Lacha Bheag i bhFaiche Stiabhna Citi Cailleach
Chuamar go Leir ar Safarai Liam agus and Leipreachan An Lacha Bheag i bhFaiche Stiabhna Citi Cailleach
La Breithe Chiti Citi sa Gheimhreadh Mici Meabhrach  
La Breithe Chiti Citi sa Gheimhreadh Mici Meabhrach